CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

  • Dec 14,2014
Trá Lí CCE
Bhí oíche iontach ag baill óga na craoibhe agus ag a múinteoir ceoil, Louise Buinneán, Dé Máirt na seachtaine seo caite. Bhí ardoíche, leis, ag seanóirí na craoibhe agus ag tuismitheoirí na ndaoine óga. Ceolchoirm bheag a bhí ann agus bhí gach éinne an-shásta ag deireadh na hoíche. Buíochas uair amháin eile le príomhoide agus le bainistíocht Ghaelcholáiste Chiarraí as ucht an ‘cead a bheith istigh’ a thabhairt dúinn. Táimid an-shásta leis an dul chun cinn atá déanta ag ár gceoltóirí óga faoi stiúir Louise…sheinneadar go hiontach. Chuir Shelley Ní Eidhin go mór leis an seisiún lena cláirseach agus fuair sí tacaíocht an-mhaith ó Mháire Uí Ghríofa agus ó Sheán Masún. Bhí gach éinne an-shásta Máire a fheiscint agus a chloisint ag an ócáid….tá an seanbhinneas céanna ina fidil i gcónaí! Gura fada buan í. B’é ár gcathaoirleach, Seán Seosamh Ó Conchubhair, a bhí ina fhear a’ tí agus, chomh maith, dhein sé cur síos dúinn ar an laoch úd Éamonn an Chnoic. Caitlín Uí Aodha a bhí ina stiúrthóir agus í féin agus Dawn Uí Chonchubhair a bhí i mbun an eagraithe. Oíche álainn gan aon agó! Nollaig shona dhaoibh go léir! Agus go mbeirimid beo ar an am seo arís! Beimid ar ais arís ar 13ú Eanáir 2015, le cúnamh Dé.