Trá Lí

You are here: Home// Trá Lí

Trá Lí

  • May 29,2021

Craobh Thrá Lí: Tá ag éirí go hiontach lenár ranganna ceoil thraidisiúnta faoi stiúir Súsaí de Rís. Bíonn na Zúmranganna ar siúl gach Luan ag 7pm.

Déanaimid mór-chomhbhrón le hAvril Buidhléir-Uí Bhriain agus lena muintir uile ar bhás a máthar, Betty Bowler, An Cam, Corca Dhuibhne. Leaba i measc na naomh agus na n-aingeal go raibh aici.

Déanaimid comhghairdeachas le hÁine Ní Dhubhlainn a bhfuil áit faighte aici ar an gCeolfhoireann Thraidisiúnta Faoi 12. Maith thú, a Áine!


Comhghairdeachas le hÉamonn Ó hArgáin atá ceapaithe ina Uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.