Craobh Thrá Lí

You are here: Home// Craobh Thrá Lí

Craobh Thrá Lí

  • Oct 02,2016

CRAOBH THRÁ LÍ: 

(i) Our weekly music classes will be held every Tuesday at 6.30pm in Gaelcholáiste Chiarraí (opposite Library). Beidh rang ann do dhaoine óga; agus beidh seisiún ann do dhaoine fásta a bhfuil fonn orthu tabhairt faoin gcúpla port. Fáilte roimh chách. For information on classes, cuir glaoch ar 7125205. Mórbhuíochas le Bord Oideachais Chiarraí agus le Príomhoide agus Bord an Ghaelcholáiste. 

(ii) Beidh Fleadh Cheoil Chiarraí i dTrá Lí ó 18ú Bealtaine go dtí 21ú Bealtaine 2017. 

(iii) Táimid ag súil go mór le teacht Cheoltóirí Móra an Chomhaltais (Turas na hÉireann - Tour of Ireland) go ‘Siamsa Tíre’ ar 18ú Deireadh Fómhair. Book in time…big demand for tickets! 

(iv) Our AGM took place on Wednesday 28th in Tralee IT. Seo iad na hoifigigh a ceapadh…Cathaoirleach: S.S. Ó Conchubhair; LeasChathaoirleach: Máire Uí Ghríofa; Rúnaí: Dawn Uí Chonchubhair; Cisteoir: Caitlín Uí Aodha; Oifigeach Caidrimh Phoiblí: Brian Caball; Treoraí na Gaeilge: Pádraig Mac Fhearghusa; Toscairí go Bord an Chontae: Seán Masún agus Dónal Tydings, Iniúchóirí: Aoife Ní Chonchubhair agus Seán Masún, Oifigeach na hÓige: Sadhbh Sionóid; Oifigeach Leanaí: An tSiúr Máirín; Toscairí go Bord na Mumhan: An tSiúr Máirín agus Caitlín Uí Aodha. 

(v) Ár mbeannachtaí chuig ar mBunaitheoir, Máire Bean Uí Ghríofa, atá ag glacadh sosa in Ospidéal na mBon Secours faoi láthair. 

(vi) D’éirigh go maith lenár Seisiún in Ionad Siopadóireachta an Mhainéir ar an Aoine seo caite. I mbun an cheoil bhí Céití de Rossa, Bríd Sionóid, Emily Ní Chonchra, Sadhbh Sionóid, Seán Masún, Dáithí Ó hÉigeartaigh agus Diarmuid Ó hAinifín. Ár mbuíochas mór le Bainistíocht an Ionaid.