Stair Gearr an Ceol Gaelach sa Stáit

Fáilte is fiche roimh lucht eagraíochta Fleadh Cheoil Ciarraí go Baile an Mhuilinn agus tréaslaím leis an bhfoireann uile.

Ó bhunaíodh an stáit, bhí turas suimiúil ag an gceol Gaelach, soineanta agus deacair go leor ar uairaibh. Go dtí timpeall 1960, am gruama a bhí sa tír, galair mar an T.B., easpa oibre, airgid, fostaíochta agus cuile rud eile sa tír.

Ach i rith an ama sin dhá rud a thug misneach don phobal í gcoitnne ná an Caid agus an Ceoil Gaelach. Faraoir! Is iomaí constaic a bhí í gcoinne an Cheoil agus na Rinncí Gaelach. San am sin is sna tithe agus ag na crosbhóithre a bhíodh na rinncí Seiteanna ar siúil, de ghnáth í rith na oiche. Ach mo léir!! Chuir fórsa fíochmhar í gcoinne na rinncí go nimhneach agus leis sin an Ceol Gaelach – An Eaglais Caitliceach. Gach uile Domhnach bíodh léacht ón altóir ag damnú cuile dhuine a bhíodh páirteach sna rinncí céanna – peacaí marafacha go forleathan!!

I Liosatraí phléasc an Sagart piléir ós cionn scioból a bhí á “usáid” ag na déagóirí tar éis an rinnce. Bhí air na rinnceoirí bochta teacht ar ais go humhal an lá dár gcionn chun a n-éarraí pearsanta a fháil ar ais!! Ní gá a thuilleadh a rá faoi sin!

Ach in ainneoin an scanradh sin go léir ag an gcléir tháinaig an ceol agus an siamsíocht slán de neart bríomhar, beo.

Tar éis an Cogadh Domhanda bunaíodh na hallaí sealdacha faoi stiúir eagraí mar Mhuintir na Tíre i.e. – Baile an Mhuilinn, Lios a Phúca agus an Cam I gCiarraí Láir. Chomh maith leis na céilithe bíodh ranganna ceoil agus rinnce comh maith le Drámaí is Siamsaíocht ar siúil sna hallaí céanna.

Creid nó ná creid thug na Sagairt agus an Easpog a mbeannachtaí do na hallaí céanna, go háirithe nuair a thuigeadar go raibh airgead maith ag teacht isteach sna hallaí céanna.

Tar éis do bhunú Comhaltas I gCiarraí I 1960 bhí deachractraí eile, deachractraí iasachta le fáil ag Comhaltas – an bhagairt ó cheol nó ‘cult’ nua – ceol na Beatles agus an ‘Rock and Roll’ agus mar sin. Glac déagoirí na tíre go gliondarach leis an ‘cult’ nua seo, le tosach réim an TV sa tír seo. Is fíor a rá gur thánaig meath uafásach ar stádas an Cheoil Gaelach ag an am sin. Bhíodh náire ar déagóirí a bheith páirteach ann. Ní raibh sé ‘cool’.

Ach de bhárr obair dhian dícheallach Comhaltas tháinig an Ceol Gaelach amach as an tréimse gruama sin le neart is fuinneamh nua arís. Chabhraigh ná Fleadh Cheoil, scaipithe timpeall na tíre go mór leo buíochas le daoine mar Labhrás ó Murchú, Diarmuid ó Catháin, Jackie Walshe agus Muintir Feirtéir agus Pat J Dennehy i gCiarraí.

Is ait an rud gur tháinig an GAA slán sábhalta chomh maith tríd an réim céanna agus gur theip tríd is tríd le feachtas ar athbheochan na Teanga Gaelach. Tá ceacht pianmhar le foghlaim ansin gan amhras.

Thar aon dream eile chuaigh Comhaltas ó neart go neart sa tslí gur tháinig forbairt iontach ar an eagraíocht thar lear ach go háirithe. Fiú amháin bíonn iomaitheoirí ó bheagnach scór tíortha páirteach sna Fleadhanna ceoil in agaidh na bliana. Is breá ar fad daoine óga a fheiscint ag iompair a n-úirlisí ceoil ó thar lear chuig na Comórtaisí in Éirinn.

Tabhairfeadh sé misneach duit, don todhchaí suim agus comhoibriú na nDilseóirí san Tuairsceart sa cheol agus sa Chultúr Gaelach go ginearálta. Siad súid comh maith le gach Áras breá atá á usáid ag Comhaltas in áiteanna mar Monkstown I mBaile Átha  Cliath, Brú Ború i dTiobrad Árann, Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath agus an Áras nua ag Comhaltas i dTrá Lí. Beirim fhéin go pearsanta gach rath don cheol, don siamsaíocht agus don Cultúr sa tír.

Slán is beannacht, Bearnard Ó Cróinín, 2018.