An Clár Bog Déil
Do phósfainn thú gan bó, gan punt, gan áireamh spré
A chuid den tsaol le toil do mhuintire, dá mbáil leat é,
Is é mo ghalar dúch gan mé agus tú, a ghrá mo chléibhe
I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn, ach an clár bog déil.
Siúil, a chogar, is tar i m'fhochair go dtéam on ngleann,
Is gheobhaidh tú foscadh ar leaba an fhlocais agus aer cois abhann,
Beidh na srutha ag déanamh torainn faoi ghéaga crann
Beidh an londubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.
Searc mo chléibh do thugas féin duit agus grá trí rún
Dá dtagadh sé de chor sa tsaol, go mbéinn féin is tú
Ceangal cléire bheith eadrainn araon, leis an bhfáinne dlúth
Is dá bhfeicfinn féin mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha.
This fine song, with its intriguing melody, was widely sung in Munster in the
early decades of the 19th century. The original version of An Clár Bog Déil is
better known as Caiseal Mumhan. There is also a Connacht version with
somewhat different words and melody.