Na Táilliúirí

Tráthnóna Dé Sathairn,'s mé istigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair ‘gus piúnt ós mo chomhair.
Do tháinig chugam gasra 's do luíodar ar ól,
A' díol is a' glaoch ar na cártaibh.

Curfá:
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince agus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Bhí duine acu ar leathbhuile is duine acu óg,
Is duine ba shine ná mise go mór.
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid fúthu ‘n t-ól,
Féachaint cé acu dob oilte mar tháilliúr.

Do labhair an fear críonna, 'sé an tomhais a chóireodh,
Dá bhfeicfeadh sé duine 'siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh sé culaith air ó smigín go bróg
Gan farcadh ná feithleog ar fháithim.

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ar tháilliúirí oilte níl meas ar do shórt.
Mura bhfeicfinn ag an gcúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air den bhfaisean is déanaí.


Do labhair an fear buile, is fuinneamh 'na ghlór.
"Éistíg" ar seisean,"ná labhraig níos mó.
Mara bhfeicfinn ach an cúinne 'n ar ghaibh ar fear óg
Chuirfinn culaith air a sheasódh go bás é"!


Sár ar rith liomsa an ghloine a bhí agamsa a’ ól
Do bhuail an fear buile le pleanc an fear óg.
Gloiní ag dul 'na bplanntracha, a' titim den mbord
Is tiomáineadh ar buile 'n fear tábhairne.


D'éiríos im sheasamh chun réitigh, dar ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d' fhuil shrón.
Ciceanna teanna a bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stractha is gearrtha.

Amhrán rithimiúil is ea é seo a chantar go coitianta i nGaeltacht Mhuscraí