Amhrán Mhuínse
Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar sléibhte i bhfad ó thír
Gan aon neach beo i mo ghaobhar ann ach raithneach ghlas is fraoch,
An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom,
'S mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, níorbh fhada liom an oíche.
A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, tá an geimhreadh seo 'tíocht fuar,
A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann?
Nach óg, a stór, a d'imigh tú, le linn na huaire breá,
Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil, gach duilliúr glas ag fás.
Má bhíonn mo chlann sa mbaile a'am an oíche a bhfaighidh mé bás,
Ó tórróidh siad go groíúil mé trí oíche is trí lá;
Beidh píopaí deasa cailce a'am agus ceaigeannaí is iad lán,
Beidh triúr ban óg ó shléibhte ann le mé a chaoineadh os cionn cláir.
Is gearraí amach mo chónra dhom as fíorscoth geal na gclár,
Má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sé déanta ón a láimh;
Bíodh mo chaipín is mo ribín inti istigh, iad go ridheas ar mo cheann,
Tabharfadh Paidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá.
Gabháil siar thar Inse Gaine dhom bíodh an bhratach insa gcrann,
Ná cuir' i Leitir Caladh mé mar ní ann atá mo dhream;
Ach tugaí siar go Muínis mé, 'n áit a gcaoinfear mé go hard,
Beidh soilse ar na dúmhchannaí - ní bheidh uaigneas orm ann.
Is amhrán breá sean-nósach é an t-amhrán seo ó thraidisiún Chonnamara. Máire Ní Chlochartaigh a chum an t-amhrán seo agus í ag fáil bháis. Bhí sí pósta le Taimín Bán Ó Conghaile ó Leitir Chaladh ach theastaigh uaithi bheith curtha ina háit dúchais féin, Oileán Mhuínse in aice le Carna. De bharr fíor droch aimsir ag am na sochraide, cuireadh i Leitir Calaidh í ar deireadh.