Céad duais (1st)

Teanga Dhúchais, Mo Sheanathair.
1
Is breá liom an Ghaeilge,
Níl aon náire orm é sin a rá,
Labhrann mé Gaeilge, beagnach gach aon lá,
Ar scoil, sa bhaile agus aon áit is gá,
Ach is trua liom nach bhfuil sé seo fíor faoi gach duine sa tír seo,
N’fhéidir cén fáth?
2
Nuair a bhí mé níos óige,
Chaitheas a lán ama I gCill Garbháin le mo dhaideo,
D’inis sé a lán scéalta breátha dom i nGaeilge,
faoi nuair a bhí sé ag fás aníos i nGaeltacht Cul Aodh fadó fadó,
Cainteoir líofa Gaeilge ab ea é agus dhein sé iarracht linn an grá don teanga a choiméad beo,
Nócha a dó bliain a bhí sé ag an am sin, agus Donal Ó Criodáin ab ainm dó.
3
Bhuel is cailín óg mise, atá an bhríomhar agus faiseanta go deo,
Ach is trua liomsa go cheapann a lán daoine,
Nach bhfuil ár dteanga Gaeilge faiseanta níos mó,
Anois! Tóg mo chomhairle agus foghlaim seanfhocail nó dhó,
Labhair an Ghaeilge aon am is mian libh,
Sin slí is éasca chun ár dteanga álainn a choiméad beo.

Nóirín Ní hÉalaithe    Rang a cúig     CCÉ Gleann Fleisce



Dara duais (2nd)

Grá don Teanga
‘Tá brón orm‘, arsa an Ghaeilge
‘Cén fáth?‘ arsa na páistí
‘Ní úsáideann sibh mé go minic‘ arsa an Ghaeilge
‘Tá díoma orm- is teanga bhríomhar álainn mé‘
‘Tabhair seans dúinn‘ arsa na páistí
‘Tá grá againn duit inár gcroí déanfaimid iarracht as seo amach, geallaimid duit!‘
‘Tá áthas an domhain orm anois’ arsa an Ghaeilge,
Ag gáire le háthas!


Aoibhinn Ní Chonchubhair    Rang a cúig    Scoil Náisiúnta Bhaile Dhuibh



Triú duais (3rd)

Is Aoibhinn liom Gaeilge
1
Is aoibhinn liom Gaeilge,
Ar scoil nó sa bhaile,
Ag caint le mo chlann,
Nó ag léamh sa rang.
2
Is aoibhinn liom Gaeilge,
Ar an radió nó ar an teilifís,
Taitníonn le gach duine Gaeilge,
Is Cuma an aois.
3
Is aoibhinn liom Gaeilge,
Ag aon am i rith an lae,
Nuair atá tú ar scoil nó,
Sa bhaile ag ól cupán tae.


Fiona McSweeney      Rang a sé    Scoil Bhríde, Leacht Bhrudair



Teastais Fiuntas (Merit)


An Teanga

1

Is breá liom an Ghaeilge,

Is iontach an teanga í,

Labhraím go rialto,

Ar scoil agus ar fud an tí.

2

Labhraím le mo chairde,

Is bím ag comhrá le Mam agus Daid,

‘sí an Ghaeilge ár dteanga cumarsáide,

I rith an am ar fad.


Eimear Ní Chonchúir     Rang a cúig      CCÉ Craobh an Ághasaigh



Teastais Fiuntas (Merit)


Grá don Teanga
Is breá liom Gaeilge,
Teanga ár dtír,
Bríomhar agus ceolmhar,
Grá mo chroí!
Is aoibhinn liom Gaeilge,
Úsáidim go minic í,
Gaeilge, Gaeilge!
Teanga mo chroí.

Raonaid De Rossa Rang a cúig Scoil Náisiúnta Bhaile Dhuibh



Teastais Fiuntas (Merit)


Grá don Teanga

1

Gaeilge an teanga is fear sa domhan,

Tá a lán Gaeilge in Éirinn,

Ach níl a lán Gaeilge ag mo chlann.

2

Tá Gaeilge an-éasca,

An ábhar scoile is fearr,

Tá a lán frásaí I nGaeilge,

Tá Gaeilge ar fheabhas ar fad!.


Lilly Ní Bhrosnacáin      Rang a ceathair      Scoil Bhríde, Leacht Bhrudair



Teastais Fiuntas (Merit)


Grá don Gaeilge

1

Is breá liom Gaeilge,

Ag comhaireamh as Gaeilge,

Ag scríobh i nGaeilge,

Ag léamh i nGaeilge.

2

Ar scoil agus sa bhaile,

Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge,

Ag féachaint ar TG4,

Ar mo tholg leathair.


Seán Ó Corráin         Rang a ceathair      Scoil Bhríde Leacht Bhrudair



Teastais Fiuntas (Merit)


Grá don Gaeilge

Is maith liom an Ghaeilge mar úsáideann mo mháthair frásaí

Agus is maith liom fuaim na bhfocal.

Múineann mo mham Gaeilge domsa agus do mo dheirfiúr,

Frásaí cosúil le ‘suas an staighre’ nó ‘Tá sé in am don dinnéar’

D’fhoghlaimaigh mé dán darbh ainm ‘Cill Aodán’,

Dúirt mé é i gcomórtas agus fuair mé bonn do. Bhí áthas an domhain orm.

Lá amháin amach anseo, ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir Ghaeilge,

Chun ár dteanga iontach a chur chun cinn.

Is breá liom ceol tradisiúnta na hÉireann a sheinim,

Agus uaireanta canann mo dhaideo- Patrick amhrán trí Ghaeilge.

Anuraidh bhí múinteoir aga magus mhúin sé an t-amhrán,

‘Baidin Fheilimi’ dúinn.

Thug mo mháthair agus an scoil an-ghrá dom don Ghaeilge,

 agus beidh sé sin agam i gconaí.

Táim an-bhródúil as a bheith i mo Éireannach,

Agus a bheith in ann mo theanga dhúchais a labhairt.


Sinéad De Barra                      Rang a ceathair               Scoil Éiltín Naofa



Teastais Fiuntas (Merit)


Teanga ag an Domhan

1.

Tá mé ag labhairt teanga Gaeilge,

Tá mé ag léamh, ag scríobh, ag déanamh drámaí,

Tá mé ag damhsa, ag canadh, ag scríobh scéalta,

Mar is Éireannach mé.

2.

Tá mo chara ag labhairt teanga Fraincís,

Tá sí ag déanamh ealaíne agus scéal.

Tá sí ag déanamh cáca, arán agus brioscaí sa bhácús,

Mar is Francach mé.

3.

Tá mo chomharsa ag caint Béarla,

Tá sé ag imirt sacair, ag seinm ceoil agus ag imirt cluiche,

Tá sé ag sugradh, ag scipéail, ag léim,

Mar is Sasanach é.

4.

Tá a lán teanga ag an domhan,

Tá a lán cultúr againn fresin,

Ach is cara liomsa gach duine,

Tá gach duine daonna.


Mary Reidy Dromclough National School