An tSeanbhean Bhocht

“Tá na Francaigh teacht thar sáile” arsa an tseanbhean bhocht.
“Tá na Francaigh teacht thar sáile,” arsa an tseanbhean bhocht.
“Táid ag teacht le soilse ré, ‘s beid anseo le fáinne an lae,
‘S beidh ár namhaid go cráite tréith,” arsa an tseanbhean bhocht.

“Is cá mbeidh cruinniú na Féinne?” arsa an tseanbhean bhocht.
“Cá mbeidh cruinniú na Féinne?” arsa an tseanbhean bhocht.
“Thíos ar bhántaibh leathan réidh, Cois Chill Dara ghrámhar shéimh,
Pící glana ‘s claimhte faobhair,” arsa an tseanbhean bhocht.

“Is a bhfaighimid fós ár saoirse?” arsa an tseanbhean bhocht.
“An bhfaighimid fós ár saoirse?” arsa an tseanbhean bhocht.
“Beimid saor idir bhun is craobh, Beimid saor ó thaobh go taobh,
Saor go deo le cabhair na naomh!” arsa an tseanbhean bhocht.

“Is cén dath a bheidh in airde” arsa an tseanbhean bhocht
“Cad é an dath a bheidh in airde” arsa an tseanbhean bhocht.
Is ar bhrat uaine bhuacach ard, Gaoth dá scuabadh in uachtar barr
Is faobhar an óinseach duais le fáil ann” arsa an tseanbhean bhocht.

Tá na Francaigh teacht thar sáile” arsa an tseanbhean bhocht. “
Tá na Francaigh teacht thar sáile,” arsa an tsean bhean bhocht.
“Táid ag teacht le soilse ré, ‘s beid anseo le fáinne an lae,
‘S beidh ár namhaid go cráite tréith,” arsa an tseanbhean bhocht.

“Táid ag teacht le soilse ré, ‘s beid anseo le fáinne an lae,
‘S beidh ár namhaid go cráite tréith,” arsa an tseanbhean bhocht.

This song refers to Ireland as the Sean Bhean Bhocht (Poor Old Woman) awaiting military assistance from overseas from the French before the 1798 Rebellion. Chuala mé an leagan áirithe seo den amhrán bríomhar rithimiúil seo ar TG4 ag Muireann Nic Amhlaoidh.