CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

  • Jun 14,2015
10 mBLIANA IS 4 SCÓR: Tá an 90 Bliain sroichte ag Máire Bean Uí Ghríofa, ball de Chraobh Thrá Lí de Chomhaltas Ceoltóirí. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoiri na Craoibhe i 1960. Agus seinneann sí an cúpla port i gcónaí i dteannta le cairde a thagann chuici go rialta.
Bhí ceiliúradh beag ina honóir le déanaí agus bhailigh roinnt dá cairde chun a bheith léi don ócáid. I measc an lucht ceiliúrtha (sa phictiúr) bhí Fiona (Ní Fhríl) Uí Chlúmháin agus a páistí....an ghlúin óg. Tá beirt de mhuintir 'Chlúmháin, Siún agus Ruadhán, páirteach in imeachtaí Chraobh Thrá Lí faoi láthair. Beidh siad ag glacadh páirte sa Chomhrá Gaeilge i gCathair Uíbh Ráthaigh le linn na Fleá (Fleá Cheoil Chiarraí) an mhí seo!
Tógadh Máire sa Cheapach Mhór, Co Luimnigh, agus chaith sí an-chuid dá saol ag múineadh na Matamaitice agus na Gaolainne i Meánscoil na Trócaire, Tobar Mhaigh Dor, Trá Lí.
Páirt lárnach dá saol ab ea múineadh an cheoil Ghaelaigh agus na n-amhrán don gcleas óg, rud a dhein sí go fonnmhar agus go dúthrachtach. Fanann sí dílis i gcónaí don gcultúr Gaelach agus do labhairt na teangan.
Ghlac a céile, Paidí Ó Gríofa, nach maireann, páirt ghníomhach in imeachtaí an Chomhaltais, leis.
Athair léi ab ea Sylvester Mac Conbhuí, Timire Gaeilge as Co. an Chláir, fear a thaistil timpeall ar a rothar ag múineadh Gaolainne i rith luathbhlianta an chéid seo caite. Ba phríomhoide na Ceárdscoile sa Cheapach Mhór é.

10 YEARS IS 4 SCORE: The 90th reached Mrs Mary Griffith, a member of Tralee branch of Musicians' Union. She was a founding member of the Branch in 1960. And she plays always a few tunes together with friends who come to her regularly.
There was little celebration in her honor recently and collected some of his friends to be with her for the occasion. Among those celebrating the (pictured) was Fiona (Friel) and a children Colmanstown .... the young generation. Two of the people 'Colmanstown, relativity and Rowan, participating in events currently Tralee branch. They will participate in Conversational Irish Iveragh City during the Banquet (Banquet Music Kerry) this month!
Mary was built in Cappamore, Co Limerick, and she spent much of their lives teaching of Mathematics and Gaolainne Mercy Secondary School, Moyderwell, Tralee.
A central part of their lives was teaching Irish music and songs for young tricks, which she did willingly and diligently. She always remains faithful to the Irish culture and speak the language.
Took a husband, Paddy Griffith, late active part in the proceedings of the Club, with.
Father Sylvester was her son Conbhuí, Roving Irish from Co. Clare, who traveled around on a bike Gaolainne teaching during the early years of the last century. Ceárdscoile was principal in Cappaghmore it.

 



..