CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

CRAOBH THRÁ LÍ CCE Notes

  • May 12,2014
CRAOBH THRÁ LÍ: (i) Comhghairdeachas le Laura Ní Eidhin ar éirigh go maith léi lena tionscnamh eolaíochta san ITT le déanaí. Ghnóthaigh sí an dara háit i gcomórtas eolaíochta meánscoileanna. Is dalta i nGaelcholáiste Chiarraí í, áit a mbíonn Craobh Thrá Lí ag teacht le chéile le haghaidh ceoil. Tá 'eolaíocht' an cheoil ar a toil aici, leis, agus beifear ag súil le cúpla fonn uaithi ag Fleadh Cheoil Chiarraí! Maith thú, a Laura! (ii) Tá Seisiúin na Céadaoine ag tarlúint i gcónaí agus an lucht seinnte ag baint súp as na sreanga agus as na feagacha (strings and reeds)!