Craobh Thrá Lí

You are here: Home// Craobh Thrá Lí

Craobh Thrá Lí

  • Apr 24,2016
CRAOBH THRÁ LÍ

Treasa Feiriteur: RIP. Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl dá clann is dá cairde sa Chomhaltas. Ba bhall dílis í do Chomhaltas Thrá Lí agus do Chomhaltas Chiarraí. D’oibrigh sí go consiasach díograiseach i dteannta a céile, Breanndán, ar son an Cheoil Ghaelaigh, ar son na Gaolainne agus ar son ár gCultúir Ársa. Bhí sí béasach foighneach i gcónaí agus í ag déileáil le hiomaitheoirí agus lena dtuismitheoirí. Dhein sí a cuid oibre go héifeachtach críochnúil; nach cuimhin linn go maith an t-eagrú a bhí ar na babhataí de thráth na gceist a reachtáil sí fhéin agus Breanndán i “Dúchas” ar feadh na mblianta? Leaba i measc na Naomh go raibh aici. 

Tá na fáinleoga tagaithe! Yes, the swallows have arrived! It’s Fleadh time! And helpers/volunteers URGENTLY needed for the running of Tralee’s Fleadh Cheoil Chiarraí next month. Ring 7125205 if you’re available for a job!