Cum Dán

Torthaí

Rang 3 agus 4:

  • Ashlyn Ní Fhailbhe, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh
  • Nóirín Ní hÉalaithe, Scoil Lios Uí Bhigín, Gleann Fleisce
  • Aoibhinn Ní Chonchubhair, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh 

Teastais Fiuntais:

Raonaid De Rossa. Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh, Cara Leahy, Scoil Náisiúnta, Dromcloch, Eimer Ní Chatháin, Scoil Náisiúnta, Dromcloch.

Rang 5 agus 6:

  • Ríona Ní Alluráin, Scoil Náisiúnta Clochar na Toirbhirte, Lios Tuathail
  • Éamon Ó'Conchubhair, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh
  • Cáit Treant, Scoil Náisiúnta, Dromcloch

Teastais Fiuntais: 

Luke de Rochford, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh, Jodie Ní Chatháin, Scoil Náisiúnta, Dromcloch, Ava Nic Gearailt, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh, Fiona Ní Shuibhne, Scoil Bhríde, Cnoc na gCaiseal, Reece Ó'Conchubhair, Scoil Náisiúnta, An Bhaile Dhuibh, Síne Cáit Ní Fhógartaigh, Scoil Náisiúnta, Eiltín Naofa, Eadaoin Ní Chonchúir, Scoil Náisiúnta, Eiltín Naofa .


Bhí breis is seasca dán i mbliana. Ghlac seacht scoil páirt sa chomortas. 

Maith sibh!

Míle buiochas do gach éinne a ghlac páirt - muinteoirí agus daltaí.


CEOL

Comhaltas Ceoltóirí

Éireann ag

Obair go dian chun

Leanúint leis an gceol agus an gcultúr

Síne Cáit Ní Fhógartaigh agus Éadaoin Ní Chonchúir


Cum Dán: Rang a trí agus a ceathair

An chéad áit:

Ceol

Is maith liom a bheith ag canadh,

Ar maidin is tráthnóna,

Ag canadh le mo Mham,

Nó le mo chara Brónagh.

Sa chistin ag am bricfeasta

Nó  sa seomra suí,

I mo leaba san oíche

Nuair atá mé i mo luí.

Is maith liom a bheith ag canadh

Dá dá dá dí!


Ashlyn Ní Fhailbhe Scoil Bhaile Dhuibh


An dara háit:

Ceol

Is bréa liom ceol,

Gach saghas ceol,

Is iontach an rud é a bheith ag seinm ceoil.

Seinm an fhidil, is an fhéadóg stáin, is nuair a bhionn am agam

canaim amhrán.

Téim chuig comórtais is buaim duais no dhó,

i Sult na nÓg nó san Fleadh ceoil.

Bíonn muintir Gleann na Fleisce an -bhródúil asam go deo,

Anois agus lá le Padraig ag teacht,

‘s go dtí an Bostún a táim agus mo chara Colleen ag imeacht.

Seinnfimid ár bhfidil is ár bhfeadóg stáin,

Agus tá súil agam go mbainfidh na seanadóiri taitneamh as m'amhráin.

Níl slí níos fearr chun mo scíth a ligean, mar sin slán libh agus leanfaidh mé ar aghaidh ag seinm.


Nóirin Ní hÉalaithe, Scoil Lios Uì Bhigìn, CCE Glenflesk.


An triú háit:

Ceol

Is maith liom ceol

Is maith liom ag éisteacht leis

Seinnim an giotár

Ba mhaith liom damhsa ins an feis.


Seinneann mo dheartháir an bosca ceoil,

Seinneann mo Dhaid an feadóg stáin,

Seinneann Aintín Aideen an fhidhil

Is seinneann mo chara an bodhrán.


Aoibhinn Ní Chonchubhair Scoil Náisiúnta an Bhaile Dhuibh


Cum Dán: Rang a cúig agus a sé:


An chéad áit:

Ceol

Is mise Ríona

Táim dhá bhliain déag d’aois

Seinnim ceol

Anois is arís


Is maith liom giotar

Is aobhinn liom na drumaí

Ach ta siad ró-ghlórmhar

Do mo thuismitheoirí


Bím i gcónaí ag canadh

Mar tá mé sa chór

Canaim amhráin gach lá

Déanaim a lán glór


Seinnim an bosca ceoil

An lá ar fad

Is breá liom an fhuaim

Poirt difriúla gan stad


Ríona Ní Alluráin, Scoil Náisiúnta Clochar na Toirbhirte, Lios Tuathail


An dara háit:

Ceol

Is maith liom ceol

Aon, dó, trí.

Ag éisteacht is ag seinm

istigh sa seomra suí.


Is maith liom pop, tá sé níos fearr,

Agus bím ag canadh istigh sa charr.

Nuair a cloisim ceoil tosaím ag damhsa

Cosúil le cnámharlach Óiche Shamhna.


Eamon O’Conchubhair Scoil Náisiúnta an Bhaile Dhuibh


An triú háit: 

Cad é Ceol

Is cailín óg mise.

Is breá liom a bheith ag éisteacht agus ag damhsa le ceol.

Seinim ceol gach lá.

Maidin amháin, chuir mé ceist ar chúpla duine.

“Cad é ceol?” arsa mise

“Cad é ceol ?” arsa mo sheanmháthair.

“Bhuel, nuair a bhí mé óg , ní raibh aon teilifís againn in aon chor.

Cúpla oíche gach seachtain,

Chuamar go dtí teach mo chomharsa.

Bhí céilí ar súil.

Bhí spraoi agus craic ann.

Ba é an ceol ár saol.

Tá cuimhní cínn iontach agam mar gheall ar an gceol!”

Chuir mé ceist ar an bhfeirmeoir.

“An maith leat ceol?” arsa mise

“Ó, is breá liom ceol!” arsa an feirmeoir.

“Dúisim go luath gach maidin agus éistim le córas an lae.

Cuireann sé aoibh gháire ormsa agus táim sásta leis an lá.

Tógann ceol uaigneas ar shúil ó mo laethanta.”

“Cad é ceol?” arsa mise.

Gach oíche, éisteann mo dheirfúir le ceol mín ar an dlúthdhiosca

Agus tar éis cúpla nóimead, téann sí a codladh go sámh.

“Cad é ceol?”

Tá ceol tábhachtach do go leor daoine.

Cuireann an ceol saibhreas ar ár saol

Cuireann an ceol an domhan ag dul timpeall!


Cáit Treant SN Dromcloch, Lios Tuathail